Raghnall Ó Floinn 1953–2024

Ar an deichiú lá de Nollaig na bliana seo caite, d’éag  Raghnall Ó Floinn, iar-Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, seandálaí, staraí ealaíon agus comharba cumasach orm féin. Cailleadh é tar éis seal fada tinnis a d’fhualaing sé le misneach agus le dínit. Go luath roimhe sin, thug Raghnall léacht uaidh agus é ina leaba san ospidéal, a léacht deireanach, mar a tharla. Bhí an t-ábhar cainte – scrínte agus taiseagáin dhéanacha – thar a bheith oiriúnach. Chuir sé taighde ollmhór i gcrích ar an ábhar sin i mblianta deireanacha a shaoil, saothar a fhoilseofar i ndiaidh a bháis. Bhain sé sármháistreacht amach ar an ngné shainiúil seo dár n-oidhreacht náisiúnta. Go deimhin, sin an oidhreacht acadúil is mó a d’fhág sé ina dhiaidh.  

Is dócha go raibh Ó Floinn ar an gcoimeádaí ab iomráití a bhí ag an Ard-Mhúsaem ó bunaíodh é 150 bliain ó shin. Is beag duine a bhí inchurtha leis maidir le heolas ar chláir agus ar chomhaid thopagrafacha. B’iontach mar a d’aimsíodh sé réada, nó píosaí de réada, a bhí imithe ar iarraidh. Ba lú fós an líon daoine a bhí chomh heolach céanna ar an stair a bhain leo ná a d’aithneodh an solas a d’fhéadfaidís a chaitheamh ar shaothrú na miotalóireachta thar bhreis agus míle bliain den Chríostaíocht. Agus é i mbun taighde, dhéanadh sé an t-uafás foinsí a chuardach thar réimse disciplíní éagsúla, ag iarraidh teacht ar eolas faoi cheardaithe, faoi phátrúin, faoi úsáideoirí agus faoi lucht crábhaidh.

D’fhoilsigh Raghnall timpeall caoga páipéar mar gheall ar mhiotalóireacht na hÉireann le linn na Meánaoiseanna agus ina ndiaidh. Thosaigh sé le léargas ceannródaíoch ar Adharc na gCaomhánach in 1981. Is ar iarsmaí naofa ba mhó a dhírigh sé. D’fhoilsigh sé leabhar maidir le scrínte agus taiseagáin breis agus deich mbliana ó shin, i ndiaidh dó saothair a scríobh faoi ealaín na hÉireann agus Chríoch Lochlann (2001). Bhí sé ina chomheagarthóir ar Treasures of the National Museum of Ireland: Irish Antiquities (2001). Chuir sé go mór leis na taispeántais Treasures of Ireland agus Work of Angels. Bhí baint lárnach aige le comhdháil Ealaín na nOileán agus le comhdhálacha eile. Dhírigh sé isteach ar scrínte faoi leith freisin, amhail Mias Tighernán, an cumhdach a bhí ar Leabhar Dimma agus Scrín na Sionainne. Chuaigh sé sa tóir ar scrín Loch Eirne agus fiú amháin ar an scrín chaillte atá luaite le hIarlaith. Chaith sé solas ar scoileanna miotalóireachta. D’éirigh leis na taisí a bhí i dTeampall Chríost in uair a bhunaithe a aithint agus léargas a thabhairt ar an bpolaitíocht a bhain leo. D’fhiosraigh a chuid páipéar foinsí pátrúnachta agus an comhthéacs polaitiúil inar cuireadh na sárshaothair mhiotalóireachta ar fáil. Staraí is ea a bhean chéile Edel (Bhreathnach). D’imir sise agus a gcara an tAthair Joe McMahon tionchar air, agus is dá thoradh sin a tháinig Franciscan Faith: Sacred Art in Ireland AD 1600–1750 (2011) agus taispeántas a cuireadh ar bun i nDún Uí Choileáin. Bhí taighde Raghnaill i ngort na miotalóireachta níos fairsinge ná saothair naofa amháin, mar is léir ar a chuid oibre ar shéalaí,  ar mhaitrisí séala, ar dhealga agus ar shaothair a rinne gaibhne óir anallód. Is mithid a chuid páipéar a bhailiú i bhfoirm leabhair. 

Ó bhí sé ina bhuachaill scoile, nuair a ghlac sé páirt sna tochaltáin a bhí ar siúl ag Breandán Ó Ríordáin i mBaile Átha Cliath, chuir Raghnall spéis sa tseandálaíocht agus i Ré na nUigingeach. I ndiaidh dó a chéim a bhaint amach, thosaigh sé ag obair ar Ché an Adhmaid, áit a ndearna sé obair ríluachmhar maidir leis na slaodbhallaí agus na lamairní Angla-Normannacha a nochtadh agus cuntas a thabhairt orthu. Sna laethanta sin, bhíodh casóg dhúghorm de chuid Aerfhórsa Cheanada á caitheamh aige. Silk Cut a chaitheadh sé agus Smithwicks a d’óladh sé, agus an coipeadh imithe aisti. Bhí sé thar a bheith pléisiúrtha, mar ba dhual dó riamh, agus bhí gean dá réir sin ag foireann an láithreáin air. Bíodh is gur bhall lánaimseartha d’fhoireann Ard-Mhúsaem na hÉireann é, d’oibrigh sé ar bhonn deonach le linn na ndeirí seachtaine deabhacha úd sular dúnadh an láithreán i mí an Mhárta 1981. Fianaise a bhí ann ar a dhílseacht don tseandálaíocht i mBaile Átha Cliath. 

Níor tháinig aon mhaolú ar dhíograis Raghnaill i leith sheandálaíocht na Meánaoiseanna, mar is léir ón tráchtas sármhaith a rinne sé ar earraí cócaireachta de chuid Chúige Laighean. Ghlac sé páirt ghníomhach san obair a bhain le taispeántais na nUigingeach agus na Meánaoiseanna sa mhúsaem. Le linn dó a bheith ina Stiúrthóir, bhí sé ina chomhúdar ar an mórshaothar léinn a rinneadh ar adhlacthaí Ré na nUiginneach in Éirinn. 

Fear músaeim go smior na gcnámh ba ea Raghnall. A fhianaise sin gur dhiúltaigh sé do phost léachtóra; b’fhearr leis fanacht i bhfochair na mbailiúchán náisiúnta ar Shráid Chill Dara. Chruthaigh sé a chumas i rólanna éagsúla sa mhúsaem—ina sheandálaí i rannóg Sheandachtaí na hÉireann ó 1976, mar Cheannasaí na mBailiúchán (post nua a ndearna sé a chuid féin de) ó 2003 agus mar Stiúrthóir idir 2013 agus 2018. Chaith sé a dhíograis agus a dhúthracht i ngach ceann de na rólanna sin. Ba eisean an saineolaí a chuireadh comhairle ar institiúidí maidir le píosaí a roghnú i gcomhair taispeántas. Ina measc sin, bhí taispeántais taistil ar nós Vikings!, a tugadh ar chamchuairt idirnáisiúnta. Ba chomhartha aitheantais dó gur ceapadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus ina chomhalta de chuid Chumann Ársaíochta Londan. 

Stiúrthóir caoin tuisceanach ba ea Raghnall, a rinne gnóthaí an mhúsaeim a dhaingniú agus a neartú. Bíodh is go raibh rudaí áirithe ina choinne, agus nach bhfuair sé an tacaíocht a bhí ag dul dó, ba thoradh fónta ar a sheal mar Stiúrthóir an taispeántas a cuireadh ar bun sa Scoil Mharcaíochta i nDún Uí Choileáin mar chomóradh céad bliain ar 1916/Cogadh na Saoirse. Ba chuid shuntasach den taispeántas go bhfuarthas cead ábhair áirithe a bhain leis an gConghaileach agus le Mac Dhiarmada a úsáid.   

Chomh maith le bheith ina fhear músaeim sároilte, bhí gean ar Raghnall mar dhuine fial fiúntach a raibh an-acmhainn grinn aige. Comhghleacaí ba ea é a thug gach spreagadh d’intéirnigh agus do chuairteoirí ó chian is ó chóngar. Bhí meas mór i measc seandálaithe ar conradh agus na mac léinn iarchéime a bhaineadh úsáid as na bailiúcháin.  

Bhí sé thar a bheith dílis don Ghaeilge agus dá chontae dúchais, Port Láirge. Is ann, i measc na nDéise, a d’iarr sé suan na síoraíochta a chur de. Ba éifeachtach an mheitheal oibre iad Raghnall agus a chéile ionúin, Edel. Bhain sé an-sásamh riamh as saothar a mhná céile. Bhí sé thar a bheith bródúil as a gcuid páistí, Sorcha agus Muiris, agus b’iontach an caidreamh a bhí eatarthu. Gabhaimid comhbhrón ó chroí leo siúd agus le Edel.

Ní fheicfimid a leithéid arís.

Pat Wallace

Translation from Dr Wallace’s original provided by Antain Mac Lochlainn. English language version published in Archaeology Ireland Spring 2025.

Raghnall Ó Floinn